Celtic Lyrics Corner > Artists & Groups > The Cassidys > Singing From Memory > Cad É Sin Don Té Sin
|
Cad É Sin Don Té Sin |
| Credits : | Traditional; arranged by Na Casaidigh |
| Appears On : | Singing From Memory |
| Language : | Gaeilge (Irish Gaelic) |
| Other Versions : |
"
Caide Sin Don Té Sin?
" on Altan's album Runaway Sunday
" Caidé Sin D'on Té Sin " on Clannad's album Banba " Cad É Sin Don Te Sin " on Órla Fallon's album The Water Is Wide |
| Lyrics : | English Translation : |
| Chuaigh mé 'un aonaigh is dhíol mé mo bhó | I went to the fair and I sold my cow |
| Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir | For five pounds in silver and a guinea in gold |
| Má ólaim an t-airgead 's má bhronnaim an t-ór | Should I drink all the money and hand out the gold |
| Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? | It's nobody's business, let them leave me alone |
| Má théim go coill chraobhach ag piocadh sméara nó cnó | I could go to the woods and pluck berries or nuts |
| 'Baint úllaí de ghéaga nó 'bhuachailleacht bó | And apples from branches, even herding the cows |
| Má shíním seal uaire faoi chrann ag déanamh só | Should I lie 'neath the trees for some hours in repose |
| Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? | It's nobody's business, let them leave me alone |
| Má théimse chuig airneál is rince is spórt | I'd visit the neighbors for dancing and fun |
| Chuig aonach is rásí's gach cruinniú den tsórt | Markets, the races, and gatherings galore |
| Má chím daoine súgach 's má bhím súgach leo | If I see merry people then merry we'll be |
| Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? | It's nobody's business, let them leave me alone |
| Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh | They say I'm a waster and down on my luck |
| Gan earra gan éadáil, gan bólacht ná stór | No goods or fine clothing, no stock or no store |
| Má tá mise sásta 'bheith' mo chónaí i gcró | Should I live in a stable contented and free |
| Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? | It's nobody's business, let them leave me alone |
| Tá aithne agam ar chailín deas cheasta is cóir | I know this girl, she's kind and she's fair |
| A píob mar an eala 's a leacain mar rós | Her neck like the swan and her cheek like the rose |
| Má bhíonn sí is mise un inid faoí sheol | Should we set out together for a far-distant shore |